Dé Sathairn, tús an séasúra is fearr liom………. Séasúr peile agus tosach na sraithe naisiúnta. Tá a lán oibre riachtanach déanta ó dheireadh mí Dheireadh Fómhair agus an té nach gcuireann san Earrach, ní bhaineann sé san Fhómhar. Bíonn na foirne sa gym agus amach ar an bpáirc agus ag an bpointe seo, ag tnúth leis na cluichí.