Search

Blogs

Géarghá le leasú agus an Craobh a ath-eagrú

Géarghá le leasú agus an Craobh a ath-eagrú

Author: Comms GPA/20 May 2016/Categories: Year 2015, Year 2016, Player Blogs

Rate this article:
No rating

le Brian Darby 

Ag tús na míosa seo, déalaigh Ros Comáin as na Stáit Aontaithe le bua caol i gcoinne Nua Eabharc. Ní raibh ach an bearna is lú eatarthu, 1-15 in aghaidh seacht gcúilín déag. (scór deiridh an chluiche cheannais Éireann 1982 idir Uíbh Fhailí agus Ciarraí mar a tharlaíonn sé!) Bí ag caint ar fhaoiseamh dóibh.

Dúradh é go forleathan gur éagóir ab ea é, nár bhuaigh na deoraithe an cluiche agus d’admhaigh Kevin Mc Stay go raibh sé thar a bheith sásta a bheith ag filleadh abhaile le ráth díreach tar éis an chluiche. Sa chraobh, d’fhéadfadh aon rud titim amach ach an géabh seo beidh Ros Comáin ar an airdeall agus ós rud é go raibh an t-ádh dearg leo, íocfaidh Liatroim as an deireadh seachtaine seo.

Ní rabhadar ach measartha i Roinn 4. Dhá bhua as seacht gcluiche agus chríochnaíodar an tsraith beagnach san áit is ísle. A bheith iomlán macánta ní féidir an dá fhoireann a chur i gcomparáid mar tá deighilt ollmhór le feiscint idir chaighdeáin an bheirt acu agus ba chóir don Chumann Lúthchleas Gael, stráitéis an chraoibh a ath-eagrú.

Tá gearghá le leasú i mo thuairim agus fiú amháin ag an bpointe seo beidh fhios acu cad atá i ndán dóibh. Os a choinne sa chás seo tá obair na gcapall déanta ag Ros Comáin ag leibhéal faoi aois agus ní féidir an milléan a chur orthu.

Bhíodar an-chumasach agus thar a bheith in ann a n-áit i Roinn 1 a dhlisteanú. Caithfidh Liatroim fanacht leo chomh fada agus is féidir leo ach ceapaim fhéin go mbeidh deacrachtaí acu ag iarraidh Diarmuid Murtagh, Fintan Cregg agus a leithéid a smachtú agus tá súil agam go mbeidh cluiche thar a bheith aon taobhach againn faraor.

I gCúige Uladh, tiocfaidh Tír Eoghain agus Doire le chéile in a gcéad cluichí sa chraobh. Beidh sé tuairim formhór daoine, go bhfuil cluiche gruama agus teasaí in stór. 

On méid atá feicthe againn sa tsraith tá an móiminteam ag fir Mickey Harte; ardú chéime aimsithe acu i ndiaidh cúig chluiche agus gan dabht tá siad ag tógáíl ar dul chun cinn le cúpla bliain anuas.

Seirbhís thar na beartha tugtha ag Seán agus Colm Cavanagh ach tá ceannairí nua ag teacht chun cinn i bhfoirm Mattie Donnelly, Darren Mc Curry, Tiernan Mc Cann agus Peter Harte chun roinnt dóibh a ainmniú.

Creideann siad go docht in a stíl féin agus cé go bhfuil dúshlán mór ag Dóire níl aon rud le cailiúint agus ní bheidh aon faitíos orthu. De ghnáth ní bhíonn alán idir na sean-naimhde ach i mbliana tháining siad le chéile ceithre uair cheana seo.

Mar a sheasann na firicí tá Tír Eoghain ar thóir a gcúigiú bua as a chéile. Bearna mór leathan, naoi gcúilín a bheith cruinn, eatarthu sa tsraith agus sin an cruthúnas.

Ba mhaith le Doire deireadh a chur leis an bhfiric neamhfhabhrach sin.

Number of views (1828)/Comments (0)

Tags:

Please login or register to post comments.

Copyright Gaelic Players Association 2018. All Rights Reserved.