Search

Blogs

Dúshlán mór ag Cill Dara stop a chur le tosaí na Mí

Dúshlán mór ag Cill Dara stop a chur le tosaí na Mí

Author: Comms GPA/27 June 2014/Categories: Player Blogs

Rate this article:
No rating

Blag na Seachtaine

 

 

 

 

 

Brian Darby


Má tá fonn ort cluiche iomaíoch, spleodrach agus teasaí i gCuige Laighean a fheiceáil i mbliana, ba chóir duit dul go Páirc an Chrócaigh an Domhnach seo.

Roimh Áth Cliath agus Loch Garman, tiocfaidh an Mhí agus Cill Dara le chéile ag Ceannáras an Chumainn Lúthchleas Gael chun a ndicheall a dhéanamh a n-áit a chur in áirithe sa chluiche Cheannais Laighean.

An-traidisiún ag an dá chontae agus ní mheasaim go mbeidh alán eatarthu ag deireadh an chluiche. Ba ceart agus cóir go mbeadh siad ag imirt le muinín, misneach agus go bhfeicfear a stíl pearsanta féin ag feidhmiú ó thús go deireadh. 

Ní bheidh siad ag diriú a n-aigne ar aon cluiche seachas an freasúra atá rompu agus d’ainneoin an dhá bhua cuimsitheach a bhí acu i gcoinne Ceatharlach agus an Lú, ní bhfuair siad aon tairbhe as na cluichí siúd. Is cuma, cé chomh tapaigh is a bhí siad an lá deireanach ní bheidh an spás, nó an t-am céanna acu an tseachtain seo.

Cítear dom go mbeidh sé deacair do Chill Dara, smacht a choimeád ar líne lán tósach na Mí. I rith na sraithe ní riabh siad in ann déileáil le bagairt na dtosaithe is fearr sa tír agus ní féidir leat a rá nach peileadoirí den chéad scoth iad Graham Reilly, Stephen Bray agus Michael Newman. 

De réir dealraimh bhí trácht le deanaí nach mbeidh Michael Newman ar fáil mar thoradh ghortú. N’fheadar an bhfuil sé fíor fós ach beidh ionadaithe iontacha acu agus réidh chun teacht isteach. 

Sna cúlaithe gheobhaidh siad an-tacaíocht ó Damian Carroll agus Donal Keoghan. Beidh siad ar an ionsaí díreach tríd lár na páirce agus ar an gcliathán go gasta chomh minic agus is féidir leo. Tús dochreidte i ngairm Bryan Mc Mahon a d’aimsigh cúl agus cúilín amháin agus chriochnaigh sé an cluiche deireanach mar laoch na himeartha.

Rud amháin diúltach beidh Conor Gillespie agus Eamon Wallace in easnamh ach táim den bharúil nach mbraitheann siad ar aon peileadóir in a aonar agus oibreóidh siad go dian diograsach, an míbhuntáiste sin a laghdú.

Cill Dara ar an taobh eile, ní dóigh liom go mbeidh aon faitíos orthu agus beidh siad ag tnúth go mór leis an dushlán. An firic is suntasaí a chur iontas na n-iontas orm an lá deireanach, is gur aimsigh deichniúr as cúig dhuine déag scór a fháil thar seachtó noiméad. 

Tá reimse leathan ar na daoine in a bhfuil an cumas acu na scóranna a bhaint amach. Tháinig seisear ionadaí isteach, Eoghan O’ Flaherty, Alan Smith agus Tomas O’ Connor ina measc orthu. 

Caithfidh siad an cothrom a fháil idir ionsaí agus ag an am céanna a bheith cinnte an t-am ar fad nach bhfuil an iomarca spás ag tosaithe na Mí. Táim ag súil go mbeidh níos mó saoirse ag Graham Reilly agus solathróidh sé liathróid gleoite do Bray agus Newman. 

Creidimse go láidir go mbeidh Átha Cliath ag fanacht do na buaitheoirí mar luach saothair ach as seo amach caithfidh siad coiscéim amháin a ghlacadh diaidh i ndiaidh a chéile. 

Sa chás seo samhlaítear dom nach mbeidh Cill Dara in ann stop a chur ar luas lasracha tosaithe chontae na Mí. Chun bua a bhaint amach beidh dhá chúl ag teastáil uathu ar a laghad. 

Number of views (2281)/Comments (0)

Please login or register to post comments.

Copyright Gaelic Players Association 2018. All Rights Reserved.