Search

Blogs

Brian Darby - Seachtain suntasach do John Doyle agus Michéal D. O hUiginn

Brian Darby - Seachtain suntasach do John Doyle agus Michéal D. O hUiginn

Author: admin/14 April 2014/Categories: Player Blogs

Rate this article:
No rating
Gur fada a ghabhfaidh pobail agus parlaimintí an dá oileán seo le chéile go
síochánta, go séanmhar agus sa chairdeas buandlúite idir Éire agus an
Bhreatain
” Uachtarán na hÉireann, Míchéal D. Ó hUiginn 8/4/2014, Palás Westminster

Lá stairiúl le deanaí in ar thug an t-Uachtarán Míchéal D. Ó hUiginn óráid i dtithe na bParliamintí. Nach raibh sé spleodrach agus dochreidte a fheiceáil é féin, agus a bhean chéile, Sabina, sa Bhreatain agus an fáilte den chéad scoth a cuireadh rompu. Ba é an chéad cuairt oifigiúil a tugadh ó Éireann riamh agus níos mó ná fiú é. Ar feadh lá amháin, ba iad banaltraí na hÉireann san Ospidéal Cólaiste Ollscoile i Londáin, na daoine is bródúla ar fud an domhain agus bhí a mothúcháin soléir in a meangadh gáire iontacha.

Mar a dúirt Tommy O Gorman ar an nuacht, “Ní dhéanann aon tír eile “pageantry” cosúil leis na Sasanaigh”. Chonacthas na céadta capall dubh ag marcaíocht i dtreó “Chaisleán Windsor” agus bhí an-smacht orthu an t-am go léir. D’eist mé le hagallamh le fear aosta a bhí ag coimeád trean súil ar na heachtraí go léir agus dúirt sé nach gcreid sé riamh go dtabharlódh na heachtraí céanna in a shaol. Bratach na hÉireann ar foluain le bratach na Breataine. Ní feidir leat a rá nach bhfuil aitheantas cuí ar an dul chun cinn atá déanta sa thuaisceart agus an síochán ann sa saol anois atá i reim.

Ní dhéanfaidh mise dearmad ar óráid an Uachtaráin sa Palás i Westminster. Foirgneamh iontach stairiúl. I measc an slua, príomhaire na Breataine David Cameron agus an leas-phríomhoide, Nick Clegg. In a óráid speisialta, luaigh an t-Uachtarán go bhfuil caidreamh difriúil idir an dá thír faoi láthair. Is dóigh liom go raibh deora i súile daoine áirithe nuair a thug sé a mheas ag túmba an t-saighdiúra gan aithint.

Scéal suntasach eile an tseachtain seo sa bhaile, ba é cinneadh an Laoch Chill Dara John Doyle, éirí as an bpeil idir chontae go díreach. Duine fíor uasal agus cairdiúil a chas mé le roimh an chraobh i 2012. Bhí an-stíl agus fís aige i gcónaí agus ní bhfaighfeá aon soinseál uaidh! Táim den tuairim go mbraithfidh Cill Dara a cheannaireacht agus a mheon dearfach. Duirt sé nach raibh sé in ann an iarracht céanna a tá riachtanach, a thabhairt as seo amach. Ard fhear agus guimís gach rath air agus a chlann sa todhchaí. “Molann an obair an fear”. Go n-eirí an t-adh leat John.
 

Number of views (1856)/Comments (0)

Please login or register to post comments.

Copyright Gaelic Players Association 2018. All Rights Reserved.