Search

Blogs

Brian Darby - Mórán cainte ar bheagán cúise?

Brian Darby - Mórán cainte ar bheagán cúise?

Author: Comms GPA/04 April 2014/Categories: Player Blogs

Rate this article:
No rating

An t-seachtain seo, fuaireas deis iontach agus rug mé ar go fíor-tapaigh. Bhí seans agam a bheith ag obair le saineolaithe in a n-ábhar ach níos mó ná sin, daoine uaisle i TG4 Baile na hAbhann, chontae na Gaillimhe. D’fhan mise agus Póla sa cheantar i rith an t-Samhraidh agus bhíomar an-tógtha leis an atmaisféar san áit chiúin, cairdiúil agus iargúlta.

Ag druidim i dtreo an foirgnimh, bhíos ar bís agus neirbhíseach ag an am ceanna. D’imigh an imní mar a imíonn cúr na h-abhann sár i bhfád agus chuir siad go léir fáilte íontach romham. 

Ba é Keith Ó Flaitheartha an chéad duine a chas mé le, a oibríonn sa stáisiún agus tar éis sin chuaigh mé chun smidiú a fháil! Aisteach go leor ach bhíos níos mó na toillteanach é a dhéanamh! Dúirt Seán Ó Domhnaill, iar-laochra chontae na Gaillimhe liom níos deanaí “go raibh an dara-cóta ag teastail uaim”! Dalp Seán a dhinnéar ach bhíos ró-neirbhíseach chun aon rud ach banana a ithe.

Seal eile agus chas mé le Eamonn agus Seán Ó Cualáin ó “Sónta”, Rí na Gaeltachta Seán Bán Breathnach agus an iar-pheileadóir agus ceannaire fhoireann Ciarraí, Dara Ó Cinnéide. Chuamar go léir sa stiúideo agus d’aithin mé an tolg glas is cailiúla in Éirinn go díreach, ó thaobh spóirt ar aon nós. Chuireamar na “mikes” orainn agus bhíomar beagnach reidh. Bhí mise ag iarraidh mo fhís a choimeád mar bhí an neirbhís ag meadú!

An chéad ceist agus nílím in ann fós cén freagra a bhí agam! Bhí a fhios agam cad ba mhaith liom a rá ach bhíos “tongue-tied mar a dhearfá! Tarlaíonn sé sin formhór an ama sílim agus bhíos níos compórdaí tar éis sin. Fuaireas tacaíocht ó na lads agus bhí atmaisféar breá gealgháireach eadrainn le linn an chláir.

An rud is mó a thaitníonn liom faoin gclár Seó Spóirt is, nach bhfuil aon structúr nó córas cinnte socraithe roimh an clár agus bíonn sé níos cosúil le “chat” i bhfaisean neamhfhoirmiúil. Bhí an taighde déanta agam agus na firicí i mo sheilbh. Tá sé easca a fheiceáil cén fath go bhfuil suim ag na mílte daoine sa chlár, fiú amháin na daoine nach dtuigeann é trí mheáin na Gaeilge in a n-aonar.

Bhí an dinnéar agam sa cheaintín leis an bhfoireann agus d’imigh mé tar éis sin. Ba mhaith liom mó bhuíochas a ghabháil dóibh go léir. Keith, Seán, Eamonn, SBB, Seán Ó Domhnaill agus Dara. 

Taobh amuigh dóibh fresin mo chlann, Póla, Eoghan Mac Dermott, Seán Potts agus an GPA go léir as ucht na tacaíochta a thug siad dom. B’fheidir aisteach ag an bpointe seo a bheith chomh bhuíoch do gach duine ach tá sórt faoiseamh orm go bhfuil sé déanta don chéad uair.  Tá súil agam gurb é sin an babtha is déacra agus go mbeidh mé ar ais le deanaí. 

@bodiarmada

 

Number of views (1737)/Comments (0)

Tags:

Please login or register to post comments.

Copyright Gaelic Players Association 2018. All Rights Reserved.